scoilneasain.ie YouTube Picasa n1 n2 r1 r2 r3 r4 r5 Inis Oírr r6 An Coiste Glas Lón an Lae
scoilneasain.ie
image

Ráiteas misin

Oideachas cuimsitheach ar ard chaighdeán a bheidh Críostaí Gaelach a chur ar fáil do pháistí uilig na scoile i dtimpeallacht spreagúil thaitneamhach.

Cothóidh an scoil comhoibriú i measc na ndaltaí, i measc phearsanra iomlán na scoile agus idir an scoil agus an pobal áitiúil.

Focal ón bPríomhoide

A Chairde,

Beidh sé de phribhléid againn anseo i Scoil Néasáin aithne a chur ar bhur bpáistí ar feadh ocht mbliana agus tabhairt faoi oideachas iomlán a chur ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge ag aithint difríochtaí aonair agus riachtanais uathúla gach páiste.

Aithnímid anseo gur sibhse, na tuismitheoirí, bunoideachasóirí bhur bpáistí. Tá sonas gach páiste sa scoil rí-thábhachtach do mhúinteoirí agus thuismitheoirí araon agus tá comhoibriú riachtanach d'fhonn an sonas úd a chinntiú. Fáiltím roimh bhur dtuairimí agus roimh bhur dtacaíocht agus sinn ag dréim le timpeallacht thaitneamhach shlán shona foghlama a chruthú do phobal na scoile.

Is í mana na scoile 'Dóchas sa Dúchas' a chuireann muinín i bpréamhacha cultúrtha na tíre agus a aithníonn an mórthionchar atá ag dúchas na tíre ar fhorbhairt dhearfach na tíre agus a muintire. Tríd an obair seo ar scoil leanfaidh an dóchas sin ar aghaidh.

Fáiltím roimh an suíomh seo. Is áis an-mhaith agus úsáideach í do thuismitheoirí uile na scoile. Tá súil agam go mbeidh cuimhní cinn maithe agaibh agus ag na páistí ar na laethanta a chaithfidh siad linn i Scoil Neasáin.

Deirble Nic Conghamhna

Príomhoide

Amchlár

  • N1–2: 08:50–13:30
  • R1–6: 08:50–14:30
  • Am Sosa: 10:30–10:40
  • Am Lóin: 12:00–12:30
  • Leathlá: 08:50–11:45

Íocaíochtaí

Chuig an scoil:

 

Chuig Gaeloideas:

Fógraí

© Scoil Neasáin 2013-14 · Ríomhphost: scoilneasain@gmail.com · Fón: +353-1-8316338 · Seoladh: Baile Hearman, Baile Átha Cliath 5