Fáilte ón bPríomhoide / Principal's Welcome

A Chairde,

Beidh sé de phribhléid againn anseo i Scoil Néasáin aithne a chur ar bhur bpáistí ar feadh ocht mbliana agus tabhairt faoi oideachas iomlán a chur ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge ag aithint difríochtaí aonair agus riachtanais uathúla gach páiste.

Aithnímid anseo gur sibhse, na tuismitheoirí, bunoideachasóirí bhur bpáistí. Tá sonas gach páiste sa scoil rí-thábhachtach do mhúinteoirí agus thuismitheoirí araon agus tá comhoibriú riachtanach d'fhonn an sonas úd a chinntiú. Fáiltím roimh bhur dtuairimí agus roimh bhur dtacaíocht agus sinn ag dréim le timpeallacht thaitneamhach shlán shona foghlama a chruthú do phobal na scoile.

Is í mana na scoile 'Dóchas sa Dúchas' a chuireann muinín i bpréamhacha cultúrtha na tíre agus a aithníonn an mórthionchar atá ag dúchas na tíre ar fhorbhairt dhearfach na tíre agus a muintire. Tríd an obair seo ar scoil leanfaidh an dóchas sin ar aghaidh.

Fáiltím roimh an suíomh seo. Is áis an-mhaith agus úsáideach í do thuismitheoirí uile na scoile. Tá súil agam go mbeidh cuimhní cinn maithe agaibh agus ag na páistí ar na laethanta a chaithfidh siad linn i Scoil Neasáin.

Deirble Nic Conghamhna

Príomhoide

Bealt 05
2025
Scoil Dúnta
Bealt 24
2025
Céad Comaoineach R2
Bealt 26
2025
County Photos le haghaidh Grianghraif R2
Bealt 28
2025
Cruinniú Cinn Bliana Ghaeloideas - fáilte ar cách // Gaeloideas AGM - All Welcome
10-Már-2025
Bhí trathnóna den scoth ag gach duine ag an gCéilí Clainne inné! Míle buíochas do Ghaeloideas a d'eagraigh an lá, agus do gach duine a tháinig amach
27-Ean-2025
Dé hAoine 31 Eanair - Rang Íoga sa Halla ó 8 - 9.30i.n. Friday 31st January - Yoga Class in the Halla from 8 - 9.30pm
Baile Hearman, Baile Átha Cliath 5, D05VF95.
01 831 6338
Déan Teagmháil Linn
Suíomh / Location
© 2025 Scoil Neasáin