Fáilte ón bPríomhoide / Principal's Welcome

A Chairde,

Beidh sé de phribhléid againn anseo i Scoil Néasáin aithne a chur ar bhur bpáistí ar feadh ocht mbliana agus tabhairt faoi oideachas iomlán a chur ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge ag aithint difríochtaí aonair agus riachtanais uathúla gach páiste.

Aithnímid anseo gur sibhse, na tuismitheoirí, bunoideachasóirí bhur bpáistí. Tá sonas gach páiste sa scoil rí-thábhachtach do mhúinteoirí agus thuismitheoirí araon agus tá comhoibriú riachtanach d'fhonn an sonas úd a chinntiú. Fáiltím roimh bhur dtuairimí agus roimh bhur dtacaíocht agus sinn ag dréim le timpeallacht thaitneamhach shlán shona foghlama a chruthú do phobal na scoile.

Is í mana na scoile 'Dóchas sa Dúchas' a chuireann muinín i bpréamhacha cultúrtha na tíre agus a aithníonn an mórthionchar atá ag dúchas na tíre ar fhorbhairt dhearfach na tíre agus a muintire. Tríd an obair seo ar scoil leanfaidh an dóchas sin ar aghaidh.

Fáiltím roimh an suíomh seo. Is áis an-mhaith agus úsáideach í do thuismitheoirí uile na scoile. Tá súil agam go mbeidh cuimhní cinn maithe agaibh agus ag na páistí ar na laethanta a chaithfidh siad linn i Scoil Neasáin.

Deirble Nic Conghamhna

Príomhoide

Feabh 03
2025
Scoil dúnta
Feabh 15
2025
Briseadh Meán Tearma (Scoil Dúnta)
Már 09
2025
Céiliúradh/Céilí na Féile Phádraig – Dé Domhnaigh, 9ú Márta 2025 (14.00-16.00)
Már 17
2025
Lá Fhéile Pádraig - Scoil Dúnta
22-D.Fómh-2024
A thuismitheoir, a chara, Ní mór gach páiste atá ag súil le tosnú i Scoil Neasáin i Meán Fómhair 2025 a chlárú ROIMH an 25ú Deireadh Fómhair @ 2.30. Baineann an fógra seo le deartháirtheacha agus deirfiúracha chomh maith le hiarrthóirí nua. Tá an fóg
Baile Hearman, Baile Átha Cliath 5, D05VF95.
01 831 6338
Déan Teagmháil Linn
Suíomh / Location
© 2025 Scoil Neasáin