Scoil Neasáin

Luath litearthacht / Early Literacy

Luath litearthacht / Early Literacy

Tús na Litearthachta

Séideán Sí 1.jpg

Déantar na scileanna réamhléitheoireachta, réamhscríbhneoireachta agus scileanna réamh-mhata go hiomlán trí Ghaeilge i rang na Naíonán Sóisear agus Sinsear. Tarlaíonn go leor trasnaíl ó theanga go teanga anseo agus baintear amach spriocanna an dá theanga (Béarla agus Gaeilge) ag an leibhéal seo mar atá leagtha amach ag an gcuraclam bunscoile athbhreithnithe.teanga nua.

De réir an taighde idirnáisiúnta moltar tús a chur le léitheoireacht i T1 na scoile. Is mar sin a déantar i Scoil Neasáin é.

I rang na Naíonán Sinsir tosaítear ar an léitheoireacht don chéad uair. Is sa Ghaeilge a thosaítear ar an léitheoireacht. Is ag tús Rang 1 a thosaítear ar leitheoireacht an Bhéarla, déantar réamhscileanna na léitheoireachta sa Bhéarla a threisiú ag an am seo, déantar foghraíocht, réamhscríbhneoireacht, agus obair ó bhéal le Rang 1.

Ó Rang 1 go Rang a 6 tógtar ar obair na naíonáin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla

Bíonn tréimhse áirithe i Rang 1 agus 2 a mbíonn próifíl inniúlachta an ranga taobh thiar den phroifíl lena mbeifí ag súil léi ach tagann sin ina cheart i ranganna 3 agus 4. Tarlaíonn seo le litriú níos mó ná leis an léitheoireacht agus cuirtear tuismitheoirí ar a eolas maidir le bealaí inar féidir leo cuidiú lena bpáistí má cheapann an scoil gur gá. Níl taighde ar leith déanta ar inniúlacht ghasúir Ghaelscoileanna i léitheoireacht na Gaeilge agus an Bhéarla i gcomparáid lena chéile, rud a bheadh cabhrach amach anseo.

Beal 06
2026
R5 Inis Oírr
Meith 01
2026
Scoil Dúnta
Meith 07
2026
Lá Spóirt/BBQ Deireadh na Bliana
Meith 08
2026
R6 Turas go Delphi
© 2026 Scoil Neasáin