Stair na Scoile

Stair na Scoile

Stair na Scoile

In Eanáir na bliana 1961 tháinig buíon bheag daoine le chéile i gCluain Tarbh a fhiosrú bunú Gaelscoile, ar mhúnla Scoil Lorcáin Bhaile na Manach in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Bhailigh siad ainmneacha tuismitheoirí sa cheantar a raibh spéis acu ina leithéid agus a raibh páistí in aois bhunscoile acu. Chuaigh siad chun cainte ansin leis an Mons. Mac Giolla Phádraig, S.P. Rath Eanaigh a bhí ina chomhairleoir oideachais ag an Ard Easpag. Bhí plé acu le Bardas Átha Cliath faoi áras sealadach don scoil agus scrúdaíodh go leor suíomhanna le haghaidh buanáras.

Ina dhiaidh sin uile theip orthu teacht ar shocrú sásúil leis na húdaráiséagsúla. Sa bhliain 1965 bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i Rath Eanaigh agus ghlac siadsan cúram bhunú Gaelscoile orthu féin. Chuaigh siad ag lorg tacaíocht na bpobaleagras áitiúil, agus gheall craobh na Cúlóige den Chonradh go gcabhróidís siúd freisin. Bunaíodh an ‘Coiste um Bunú bunscoile Gaelaí eatarthu ach ba ghearr gur tuigeadh nach raibh aon laghdú tagtha ar na fadhbanna a sháraigh iarrachtaí an chéad dreama. Bhíodh na cruinnithe acu go minic, deirtear, i gcúl gluaisteáin i Rath Eanaigh.

Choinnigh siad leo go misniúil cibé ar bith, agus ainneoin go leor deacrachtaí d’éirigh leo faoi dhoidh a mian a chur i gcrích. I mí Iúil 1969 osclaíodh an Ghaelscoil i seanfhoirgneamh scoile de chuid Eaglais na hÉireann i Rath Eanaigh. 26 dalta a d’fhreastal an chéad lá, bhí siad faoi stiúr Áine Ní Chába (Bean Uí Chomhraí) go ndéana Dia grásta uirthi agus Nóirín Ní Chonghaile. Bhí Caitlín Maude ann, freisin, mar chúntóir don bheirt mhúinteoir eile.

Ceann de na mór fhadhbanna a bhí le réiteach ag an gCoiste um Bhunú ná ceist bhainistíocht na scoile. Chuir na húdaráis in iúl ar dtús go gcaithfí sagart paróiste a fháille feidhmiú mar bhainisteoir, ach theip orthu sin a bhaint amach. Fuarthas amach ansin go bhféadfadh cuideachta theoranta an gnó a dhéanamh chomh maith céanna, faoi rialacha na Roinne. B’shin an socrú a rinneadh: cláraíodh ‘Gaeloideas’ agus tugadh aitheantas oifigiúil dó mar ghléas bainistíochta don scoil. Tar éis a mhóriarrachta bheartaigh an ‘Coiste um Bhunú’ go raibh a gcuid oibre siúd críochnaithe agus gur chóir buanchoiste a cheapadh leis an scoil nua a reachtáil agus a fhorbairt. Ceapadh Brian Ó baoil, a bhí ag obair do Ghael Linn ag an am, ina chathaoirleach ar an gcoiste nua. Bhí tréan obair le déanamh. Bhí suíomh buan de dhíth go géar, chomh maith le tacaíocht fhial airgid ón stáit. Thug Ceannasaí Ghael Linn, Dónall Ó Móráin an-chabhairsna hiarrachtaí seo. Fuarthas suíomh saor in aisce ón mBardas, le tacaíocht an Aire Airgeadais, Seoirse Ó Colla, agus bhí an Roinn Oideachais sásta 80% den chostas tógála a ghlanadh. Chiallaigh seo, áfach, go raibh ar thuismitheoirí fuílleach an chostais tógála a ghlanadh iad féin. (ag an bpointe seo cuireadh in iúl go raibh sagart ar fáil a bhí sásta feidhmiú mar bhainisteoir ach, nuair nach raibh sé sásta freagracht a fhalcadh as fiacha na scile bheartaigh an Coiste cloí leis an gcéadsocrú a rinneadh. Bhí an spás san áitreabh sealadach an-teoranta (dhá sheomra agus áras réamh-dhéanta) agus tar éis na chéad bliana bhí seomra breise de dhíth go géar.Tháinig club Naomh Uinseann, a bhí in aice láimhe, i gcabhair ar an scoil le seomra ar a baisteadh ‘an phubscoil’ air ina dhiaidh sin.Ceapadh Micheál Ó Fathaigh ina Phríomhoide an bhliain dar gcionn agus ar an 12 Bealtaine 1973 d’oscail an tAire Oideachais, Risteard de Búrca T.D. an scoil go hoifigiúil san áras úrnua a tógadh i mBaile Hearman.

Tháinig fás ar an scoil sna blianta ina dhiaidh sin agus cuireadh síneadh leis an scoil faoi dhó nuair a bhí seomraí ranga nua de dhíth agus nuair a bhí leabharlann agus seomra ríomhaireachta le tógáil i 1999. D’éirigh Micheál Ó Fathaigh as mar Phríomhoide sa bhliain 1999 agus ceapadh Deirble Nic Conghamhna ina áit. Cuireadh díon nua ar an scoil sa bhliain 2000 agus i 2006 rinneadh athchóiriú iomlán ar chlós na scoile chun an dromchla uileaimsearach a thógáil. Thángthas ar chomhréiteach le club peile Naomh Pól maidir le píosa talún a bhí i seilbh na scoile agus thóg siadsan pairc imeartha uile-aimseartha air agus cead ag muintir na scoile é a úsáid le linn am scoile agus i gcomhair gníomhaíochtaí iar-scoile.Sa bhliain 2009 rinneadh athchóiriú ar shíleáil na scoile taobh istigh agus cuireadh isteach córas slándála ar na doirse.Faoi láthair tá 247 dalta ar rollaí na scoile agus liostaí feithimh do na blianta amach anseo i bhfeidhm. Tá 12 oide lán-aimseartha ag an scoil agus oide páirt-aimseartha acmhainne.Tá an scoil ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód le linn na scoilbhliana 2009 –2010. Go dtí seo eagraíodh lá cuimhneachán ar an 30 Meitheamh 2009 do pháistí na scoile. Aifreann speisialta i mí Deireadh Fómhair agus Dinnéar mór do bhreis agus 370 tuiste, múinteoir, iar-thuiste, iar-mhúinteoir, iarscoláire agus coiste bunaithe i gCaisleán Cluain Tarbh.Tá sé i gceist go mbeidh tráthnóna oscailte sa scoil roimh dheireadh na scoilbhliana 2009 –2010 do na hiarscoláirí agus cuireadh dóibh fileadh ar an scoil agus féachaint siar ar nalaethanta a chaitheadar i dteannta a chéile.Tá líonra mór d’iarrscoláirí ag déanamh teagmháil lena chéile tríd an idirlíon agus tá leathanach ar leith ag an scoil ar facebook. Tá sé i gceist amach anseo buanachar sonraí agus teagmháileacha ranga a chur le chéile do iarscoláirí agus iartheaghlaigh na scoile.

D.Fómh 26
2024
Briseadh Meán Tearma (Scoil Dúnta)
Noll 01
2024
Ócáid Dáidí na Nollag - Dé Domhnaigh, 1ú Nollaig 2024
Noll 06
2024
Lá Inseirbhíse (scoil dúnta)
Noll 21
2024
Saoire na Nollag
Baile Hearman, Baile Átha Cliath 5, D05VF95.
01 831 6338
Déan Teagmháil Linn
Suíomh / Location
© 2024 Scoil Neasáin